41 Anois leanaimid thú ó chroí lán;tá d'eagla orainn agus fonn radharc a fháil ar do ghnúis.
42 Ná cuir náire orainn,ach láimhsigh sinn de réir do chineáltachtaagus de réir do thrócaire rómhór.
43 Fuascail sinn de réir d'oibreacha taibhseacha,agus tabhair glóir do d'ainm, a Thiarna.
44 Deargnáire ar chách a dhéanann díobháil do do shearbhóntaí;go raibh siad faoi tháir,a gcumhacht uile ar ceal,agus a neart go léir cloíte.
45 Bíodh a fhios acu gur tusa amháin is Dia agus is Tiarna,faoi ghlóir ar fud an domhain uile.
46 Anois searbhóntaí an rí a chaith isteach iad, níor staon siad ach ag cothú na tine le nafta, le pic, le barrach agus le brosna.
47 D'ardaigh an lasair naoi mbanlámh agus daichead os cionn na foirnéise in airde,