51 Ansin mhol, mhór agus ghlóirigh an triúr Dia d'aon ghuth san fhoirnéis agus dúirt siad:
52 Is beannaithe, a Thiarna, Dia ar n‑aithreacha,le moladh agus le glóiriú de shíor.Is beannaithe é do naomhainm uasal,le moladh agus le glóiriú de shíor.
53 Is beannaithe thú i dteampall do naomhghlóire,le móradh agus le mórghlóiriú go deo.
54 Is beannaithe thú ag iniúchadh na nduibheagán agus i do shuí ar na ceiribíní,le moladh go hard agus le móradh go deo.
55 Is beannaithe thú i gcathaoir ríoga do fhlaithis,le móradh agus le mórghlóiriú de shíor.
56 Is beannaithe thú i bhfirmimint neimhe,le hadhmholadh agus le mórghlóiriú go deo.
57 Glóirígí an Tiarna, a oibreacha uile an Tiarna,molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.