56 Is beannaithe thú i bhfirmimint neimhe,le hadhmholadh agus le mórghlóiriú go deo.
57 Glóirígí an Tiarna, a oibreacha uile an Tiarna,molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
58 Glóirígí an Tiarna, a aingle an Tiarna,molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
59 Glóirígí an Tiarna, a spéartha thuas,molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
60 Glóirígí an Tiarna, a uiscí os cionn na spéartha,molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
61 Glóirígí an Tiarna, a chumhachtaí uile an Tiarna,molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
62 Glóirígí an Tiarna, a ghrian agus a ghealach,molaigí agus móraigí é go hard de shíor.