8 Ansin tháinig Caildéigh áirithe chun tosaigh agus rinne siad gearán go mailíseach in aghaidh na nGiúdach.
9 Dúirt siad leis an rí Nabúcadnazar: “A rí, fad gach aon fhaid ar do shaol!
10 Thug tú ordú, a rí, gach aon duine a chloisfeadh glór na hadhairce, na píbe, na lire, na triogóine, na cruite, na bpíb mála, agus gach sórt uirlise ceoil, a thitim chun talún agus adhradh a thabhairt don íomhá óir;
11 dá mbeadh aon duine nach dtitfeadh chun talún agus nach n‑adhrfadh, é a chaitheamh isteach i lár foirnéise ag spréacharnach le lasair.
12 Tá Giúdaigh áirithe a chuir tú i bhfeighil gnóthaí chúige na Bablóine, Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó; rinne na daoine seo beag de d'orduithe, a rí; ní fhónann siad do do dhéithe ná ní adhrann siad an íomhá órga atá curtha in airde agat.”
13 Ansin d'aithin Nabúcadnazar agus cuthach feirge air, Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó a bhreith chuige. Ansin thug siad iad seo i láthair an rí.
14 Dúirt Nabúcadnazar leo: “An fíor, a Sheadrac, a Mhéiseac, a Aibéid Neagó, nach bhfónann sibh do mo dhéithe agus nach n‑adhrann sibh an íomhá óir atá curtha in airde agam?