85 Glóirígí an Tiarna, a shearbhóntaí Dé,molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
86 Glóirígí an Tiarna, a spiorada agus a anamacha na bhfíréan,molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
87 Glóirígí an Tiarna, a naomha agus a ísle ó chroí,molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
88 Glóirígí an Tiarna, a Hanainiá, a Azairiá, a Mhíséil,molaigí é agus móraigí é go hard de shíor,mar d'fhuascail sé sinn ó Sheól,sciob sé sinn ó chumhacht an bháis,shaor sé sinn ó lasair loiscneach na foirnéise,agus d'fhuascail sé sinn ó lár na tine.
89 Beirigí buíochas le Dia, mar is maith é,mar maireann a thrócaire go deo.
90 Glóirígí Dia na ndéithe, sibhse uile a adhrann an Tiarna,molaigí é agus altaígí dó,mar maireann a thrócaire le saol na saol.
91 Ansin tháinig líonrith ar an rí Nabúcadnazar agus d'éirigh sé faoi dheifir. Chuir sé ceist ar a chomhairleoirí: “Nach triúr fear i gcuibhreacha a chaitheamar isteach sa tine?” D'fhreagair siadsan an rí: “Sea go deimhin, a rí.”