12 Ach fágaigí an stocán leis na fréamhacha sa talamh,agus slabhra iarainn agus práis á cheangal,i bhféar mín an mhachaire.Fliuchtar é ó dhrúcht neimhe,agus gurb é féar na talún a chuid ronna i gcuibhreann na n‑ainmhithe fiáine.
13 Athraítear a chroí ó bheith ina chroí daonna;tugtar croí ainmhí dó,agus téadh seacht n‑aimsir thairis.
14 Sin breith na bhfear faireagus réiteach na ceiste i bhfocal na Naomh,d'fhonn is go mbeadh a fhios ag gach aon duine beogo bhfuil flaitheas ag an té is Airde ar ríocht na ndaoine;agus go dtugann sé í don té is mian leisagus go gcuireann sé an té is uirísle ar dhaoine os a cionn.’
15 “Sin é agaibh an taibhreamh a rinneadh domsa, Nabúcadnazar rí. Agus tusa, a Bhéiltiseazar, foilsigh a chiall mar nár fhéad aon duine de shaoithe mo ríochta a chiall a fhoilsiú dom; ach féadann tusa mar tá spiorad an Naomh-Dhe ionat.”
16 Ansin bhí Dainéil - ar a dtugtaí Béiltiseazar - trí chéile scaitheamh agus ar mearbhall aigne. Labhair an rí agus dúirt: “Ná cuireadh an taibhreamh seo ná a chiall aon chaduaic ort, a Bhéiltiseazar.” D'fhreagair Béiltiseazar: “Go raibh an taibhreamh seo dóibh siúd a thugann fuath duit, agus a chiall do do naimhde.
17 An crann sin a chonaic tú, mór agus láidir, agus a ráinig chun neimhe, agus a raibh radharc air ó chiumhaiseanná na cruinne,
18 arbh álainn a dhuilliúr agus arbh líonmhar a thoradh, a chothaigh cách, agus a thug scáth d'ainmhithe an mhachaire, agus ar lonnaigh éanlaith an aeir ina ghéaga -