17 An crann sin a chonaic tú, mór agus láidir, agus a ráinig chun neimhe, agus a raibh radharc air ó chiumhaiseanná na cruinne,
18 arbh álainn a dhuilliúr agus arbh líonmhar a thoradh, a chothaigh cách, agus a thug scáth d'ainmhithe an mhachaire, agus ar lonnaigh éanlaith an aeir ina ghéaga -
19 sin é tusa, a rí, a d'fhás agus a neartaigh. Mhéadaigh ar d'ardréim agus ráinig chun neimhe, agus do fhlaitheas go ciumhaiseanna na cruinne.
20 Agus maidir leis seo a chonaic an rí: fear faire, naomh, a tháinig anuas ó neamh agus a dúirt: ‘Gearraigí anuas an crann, milligí é, ach fágaigí an stocán agus na fréamhacha sa talamh, faoi shlabhraí iarainn agus práis, i bhféar mín an mhachaire, fliuchtar é ó dhrúcht neimhe agus bíodh a chuid aige i gcuibhreann an n‑ainmhithe fiáine, go dté seacht n‑aimsir thairis’ -
21 seo í an chiall, a rí, agus reacht an té is Airde atá tagtha i bhfeidhm ar mo thiarna, an rí:
22 Díbreofar thú ó chomhluadar daoine,agus lonnóidh tú le hainmhithe an mhachaire,agus caithfidh tú féar a ithe dála an daimh;fliuchfar thú ó dhrúcht neimhe,agus rachaidh seacht n‑aimsir tharat,chun go mbeidh a fhios agatgur ag an té is Airde atá ardfhlaitheas ar ríocht na ndaoine,agus go dtugann sé í don té is áil leis.
23 “Agus an t‑ordú seo: Fágaigí an stocán agus fréamhacha an chrainn, ciallaíonn sé go seasfaidh do ríocht duit nó go mbeidh a fhios agat gurb é Neamh a rialaíonn gach ní.