20 Agus maidir leis seo a chonaic an rí: fear faire, naomh, a tháinig anuas ó neamh agus a dúirt: ‘Gearraigí anuas an crann, milligí é, ach fágaigí an stocán agus na fréamhacha sa talamh, faoi shlabhraí iarainn agus práis, i bhféar mín an mhachaire, fliuchtar é ó dhrúcht neimhe agus bíodh a chuid aige i gcuibhreann an n‑ainmhithe fiáine, go dté seacht n‑aimsir thairis’ -
21 seo í an chiall, a rí, agus reacht an té is Airde atá tagtha i bhfeidhm ar mo thiarna, an rí:
22 Díbreofar thú ó chomhluadar daoine,agus lonnóidh tú le hainmhithe an mhachaire,agus caithfidh tú féar a ithe dála an daimh;fliuchfar thú ó dhrúcht neimhe,agus rachaidh seacht n‑aimsir tharat,chun go mbeidh a fhios agatgur ag an té is Airde atá ardfhlaitheas ar ríocht na ndaoine,agus go dtugann sé í don té is áil leis.
23 “Agus an t‑ordú seo: Fágaigí an stocán agus fréamhacha an chrainn, ciallaíonn sé go seasfaidh do ríocht duit nó go mbeidh a fhios agat gurb é Neamh a rialaíonn gach ní.
24 Glac mo chomhairle dá bhrí sin, a rí: Ruaig uait do pheacaí leis an bhfíréantacht a chleachtadh agus d'urchóidí le déirc do bhochta d'fhonn go rachadh fad ar do shíocháin.”
25 Tháinig sé sin go léir sa mhullach ar Nabúcadnazar.
26 I gceann dhá mhí dhéag bhí sé ag spaisteoireacht ar dhíon pháláis ríoga sa Bhablóin.