24 Glac mo chomhairle dá bhrí sin, a rí: Ruaig uait do pheacaí leis an bhfíréantacht a chleachtadh agus d'urchóidí le déirc do bhochta d'fhonn go rachadh fad ar do shíocháin.”
25 Tháinig sé sin go léir sa mhullach ar Nabúcadnazar.
26 I gceann dhá mhí dhéag bhí sé ag spaisteoireacht ar dhíon pháláis ríoga sa Bhablóin.
27 Agus dúirt an rí: “Nach í seo an Bhablóin mhór a thóg mé mar shuí ríogachta le neart mo chumhachta agus chun glóir mo mhórgachta?”
28 Sula raibh na focail sin thar a bhéal aige thit guth ó na flaithis:Is leatsa a labhraíodh, a rí Nabúcadnazar!Tá an flaitheas imithe uait!
29 Díbreofar thú ó chomhluadar daoine,agus lonnóidh tú le hainmhithe an mhachaire.Caithfidh tú féar a ithe dála an daimh,agus rachaidh seacht n‑aimsir tharat,chun go mbeidh a fhios agatgur ag an Té is Airde atá ardfhlaitheas ar ríocht na ndaoine,agus go dtugann sé í don té is áil leis.
30 Tháinig an briathar chun críche ar Nabúcadnazar gan mhoill. Díbríodh ó chomhluadar daoine é, agus chrom sé ar fhéar a ithe dála an daimh; fliuchadh é ó dhrúcht neimhe nó gur fhás a ghruaig mar chleiteach iolair, agus a ingne mar chrúba éin.