4 Ansin tháinig na draoithe, na hasarlaithe, na Caildéigh agus na fáistinigh isteach agus d'inis mé an taibhreamh dóibh, ach ní fhéadfaidís a chiall a chur in iúl dom.
5 Faoi dheireadh tháinig Dainéil isteach i mo láthair - é siúd ar ar tugadh Béiltiseazar de réir ainm mo dhé, agus ina bhfuil spiorad an Naomh-Dhé - agus d'inis mé an taibhreamh dó á rá:
6 “A Bhéiltiseazar, a cheannaire na ndraoithe, mar gurb eol dom go bhfuil spiorad an Naomh-Dhé ionat agus nach cás duit aon rún: seo é an taibhreamh a rinneadh dom agus inis a chiall dom:
7 Ba iad seo físeanna mo chinn ar mo luí dom ar mo leaba:Féach: cranni lár na talún;ba mhór a airde.
8 D'fhás an crann agus neartaigh;ráinig a bharr chun neimhe,agus bhí radharc air ó chiumhaiseanna na cruinne.
9 B'álainn a dhuilliúr, ba líonmhar a thoradh.Ba ann a fuair cách cothú,Bhí sé ina scáth ag ainmhithe an mhachaire,agus lonnaigh éanlaith an aeir ina ghéaga,agus cothaíodh an uile fheoil leis.
10 Chonaic mé i bhfíseanna mo chinn ar mo leaba:Féach! fear faire fíréan a tháinig ó neamh anuas.