6 “A Bhéiltiseazar, a cheannaire na ndraoithe, mar gurb eol dom go bhfuil spiorad an Naomh-Dhé ionat agus nach cás duit aon rún: seo é an taibhreamh a rinneadh dom agus inis a chiall dom:
7 Ba iad seo físeanna mo chinn ar mo luí dom ar mo leaba:Féach: cranni lár na talún;ba mhór a airde.
8 D'fhás an crann agus neartaigh;ráinig a bharr chun neimhe,agus bhí radharc air ó chiumhaiseanna na cruinne.
9 B'álainn a dhuilliúr, ba líonmhar a thoradh.Ba ann a fuair cách cothú,Bhí sé ina scáth ag ainmhithe an mhachaire,agus lonnaigh éanlaith an aeir ina ghéaga,agus cothaíodh an uile fheoil leis.
10 Chonaic mé i bhfíseanna mo chinn ar mo leaba:Féach! fear faire fíréan a tháinig ó neamh anuas.
11 D'fhógair sé in ard a chinn:‘Gearraigí anuas an crann, ciorraígí a ghéaga de,croithigí a dhuilliúr de, cuirigí scaipeadh ar a thoradh;teitheadh na hainmhithe óna scáth,agus an éanlaith óna ghéaga.
12 Ach fágaigí an stocán leis na fréamhacha sa talamh,agus slabhra iarainn agus práis á cheangal,i bhféar mín an mhachaire.Fliuchtar é ó dhrúcht neimhe,agus gurb é féar na talún a chuid ronna i gcuibhreann na n‑ainmhithe fiáine.