1 Rinne Béilseazar rí fleá mhór dá mhaithe, míle díobh, agus d'ól sé fíon os comhair an mhíle seo.
2 Nuair a bhlais sé an fíon, d'ordaigh Béilseazar na soithí óir agus airgid a d'fhuadaigh a athair Nabúcadnazar ó Theampall Iarúsailéim a thabhairt i láthair chun go n‑ólfadh an rí agus a mhaithe, a mhná agus a leannáin, deoch astu.
3 Ansin tugadh i láthair na soithí óir agus airgid a fuadaíodh ón Teampall, Teach Dé in Iarúsailéim, agus d'ól an rí agus a mhaithe, a mhná agus a leannáin deoch astu.
4 D'ól siad fíon agus mhol siad na déithe óir agus airgid, práis agus iarainn, adhmaid agus cloiche.