10 Toisc bhriathar an rí agus a mhaithe tháinig an bhanríon go halla na fleá. Dúirt an bhanríon: “A rí, fad gach aon fhaid ar do shaol! Ná buaireadh do smaointe thú, agus ná teipeadh do dhealramh.
11 Tá aon duine amháin i do ríocht ina bhfuil spiorad an Naomh-Dhé. Le linn d'athar fuarthas solas, tuiscint agus eagna ann ar aon dul le heagna na ndéithe. Rinne d'athair, an rí Nabúcadnazar, ceann de ar na draoithe, na hasarlaithe, na Caildéigh, agus ar na saoithe.
12 Mar fuarthas sa Dainéil seo meon uaigneach agus eolas, tuiscint ar fhíseanna a mhiniú, ar thomhaiseanna a fhreagairt, agus ar fadhbanna a réiteach. Cuir gairm ar Dhainéil agus léireoidh sé an chiall duit.”
13 Ansin tugadh Dainéil os comhair an rí, agus dúirt an rí le Dainéil: “An tusa Dainéil, de chine díbeartha Iúdá a thug m'athair, an rí, leis ó Iúdá?
14 Chuala á rá é go bhfuil spiorad an Naomh-Dhé ionat, agus go bhfuil solas agus tuiscint agus eagna thar barr ionat.
15 Tugadh chugam saoithe agus draoithe chun an scríbhinn seo a léamh agus a ciall a fhoilsiú dom, ach chuaigh díobh a ciall a aimsiú.
16 Chuala mé á rá é go bhfuil ar do chumas mínithe a thabhairt agus fadhbanna a réiteach. Anois má fhéadann tú an scríbhinn seo a léamh agus a ciall a fhoilsiú dom, cuirfear éide chorcra umat, slabhra óir ar do mhuineál, agus beidh tú ar an tríú rialtóir sa ríocht.”