Dainéil (Gr) 5:17-23 ABN

17 D'fhreagair Dainéil agus dúirt sé os comhair an rí: “Bíodh do bhronntanais agat duit féin agus tabhair do thuarastail do dhaoine eile! Ach ó mo thaobhsa de, léifidh mé an scríbhinn seo don rí agus nochtfaidh mé an chiall dó.

18 A rí, thug Dia, an Té is Airde, flaitheas agus mórgacht, glóir agus ríogacht, do Nabúcadnazar d'athair.

19 De bhrí na mórgachta a bhronn sé air chreathnaigh an uile phobal agus chine agus theanga roimhe le heagla; mharaíodh sé mar ab áil leis; thugadh sé anacal anama mar ba mhian leis; d'ardaíodh sé an té ab áil leis, d'íslíodh sé an té ba mhian leis.

20 Ach nuair a bhorr a chroí agus gur chruaigh a spiorad le neart uabhair, tiomáineadh óna shuí ríoga é agus baineadh a ghlóir de.

21 Díbríodh ó chomhluadar daoine é agus chuaigh a chroí i gcosúlacht le croí na mbeithíoch; lonnaigh sé leis na hasail fhiáine; d'ith sé féar dála an daimh; fliuchadh a chorp ó dhrúcht neimhe chun go raibh a fhios aige gurb é an té is Airde a rialaíonn ríocht na ndaoine, agus go gcuireann sé an té is mian leis ina feighil.

22 Ach tusa, a Bhéilseazar, a mhac siúd, níor umhlaigh tú do chroí cé gurbh eol duit é seo go léir;

23 ach d'ardaigh tú thú féin in aghaidh Tiarna neimhe; tugadh soithí a thí i do láthair agus d'ól tú féin agus do mhaithe, do mhná agus do leannáin, deoch fíona astu; agus mhol tú déithe óir agus airgid, práis agus iarainn, adhmaid agus cloiche, déithe gan radharc, gan éisteacht, gan eolas; ach an Dia a bhfuil d'anáil faoina láimh, agus do shlite uile ina sheilbh, níor thug tú glóir dó.