2 Nuair a bhlais sé an fíon, d'ordaigh Béilseazar na soithí óir agus airgid a d'fhuadaigh a athair Nabúcadnazar ó Theampall Iarúsailéim a thabhairt i láthair chun go n‑ólfadh an rí agus a mhaithe, a mhná agus a leannáin, deoch astu.
3 Ansin tugadh i láthair na soithí óir agus airgid a fuadaíodh ón Teampall, Teach Dé in Iarúsailéim, agus d'ól an rí agus a mhaithe, a mhná agus a leannáin deoch astu.
4 D'ól siad fíon agus mhol siad na déithe óir agus airgid, práis agus iarainn, adhmaid agus cloiche.
5 Dhealraigh go tobann méara láimhe duine agus í ag scríobh ar phlástar bhalla an pháláis ríoga laistiar den choinnleoir; bhí an rí ag faire ar an láimh ag scríobh.
6 Chlaochaigh a lí ar an rí; bhuair a smaointe é; tháinig ballchrith air agus chnag a ghlúine ar a chéile.
7 Ghlaoigh an rí go hard go dtabharfaí draoithe, Caildéigh agus astralaithe isteach. Dúirt an rí le saoithe na Bablóine: “Cibé a léifidh an scríbhinn seo agus a léireoidh a ciall dom, cuirfear éide chorcra uime, slabhra óir ar a mhuineál, agus beidh sé ar an tríú rialtóir sa ríocht.”
8 Bhailigh saoithe uile an rí isteach ach níor fhéad siad an scríbhinn a léamh ná a ciall a léiriú don rí.