24 Óna láthair a seoladh an lámh seo a rianaigh an scríbhinn seo ina haonar.
25 Is í seo an scríbhinn a scríobhadh: mené, mené, tecél, agus parsín.
26 Seo ciall na bhfocal sin: mené: ríomhaigh Dia laethanta do ríochta agus tá sí tugtha chun críche aige,
27 tecél: Meádh thú sa mheá agus fuarthas easpa ort,
28 parsín: tá do ríocht deighilte agus tugtha do na Méidigh agus do na Peirsigh.”
29 Ansin d'ordaigh Béilseazar Dainéil a éidiú i gcorcra, slabhra óir a chur ar a mhuineál, agus a fhógairt go raibh sé ar an tríú rialtóir sa ríocht.
30 An oíche úd díreach glan dúnmharaíodh Béilseazar, an rí Caildéach,