12 Ansin [bhrúcht] an mhuintir seo chuige agus fuair siad Dainéil ag guí is ag achainí i láthair a Dhé.
13 Ansin tháinig siad isteach i láthair an rí i dtaobh an reachta agus dúirt siad leis: “A rí, nár shínigh tú reacht, cibé a dhéanfadh achainí chun dé nó duine ach chugatsa amháin, a rí, ar feadh tríocha lá, go dteilgfí é in uaimh na leon.” D'fhreagair an rí: “Tá an scéal socair de réir dhlí na Méideach agus na bPeirseach, nach féidir a chur ar ceal.”
14 Ansin dúirt siad leis an rí: “An Dainéil úd, duine de na díbearthaigh ó Iúdá, níl aird aige ortsa, a rí, ná ar an reacht atá sínithe agat; trí huaire sa lá a dhéanann sé a achainí.”
15 Ar chloisteáil na mbriathra sin don rí, tháinig suaitheadh air agus bheartaigh sé Dainéil a shaoradh. Go fuineadh néil nóna rinne sé a dhícheall é a shaoradh.
16 Ansin tháinig an mhuintir seo [ina slua] chun an rí agus dúirt siad: “Bíodh a fhios agat, a rí, de réir dhlí na Méideach agus na bPeirseach, nach féidir aon reacht ná órdú a dhéanann an rí a chur ar ceal.”
17 Ansin d'ordaigh an rí Dainéil a thabhairt i láthair agus é a chaitheamh san uaimh chun na leon. Dúirt an rí le Dainéil: “Do Dhia, a bhfuil seirbhís dhílis tugtha agat dó, fuasclaíodh sé thú.”
18 Tugadh cloch agus leagadh ar bhéal na huaimhe í agus chuir an rí a shéala féin agus séala a mhaithe uirthi ionas nach rachadh athrú ar aon ní a bhain le cúis Dhainéil.