14 Ansin dúirt siad leis an rí: “An Dainéil úd, duine de na díbearthaigh ó Iúdá, níl aird aige ortsa, a rí, ná ar an reacht atá sínithe agat; trí huaire sa lá a dhéanann sé a achainí.”
15 Ar chloisteáil na mbriathra sin don rí, tháinig suaitheadh air agus bheartaigh sé Dainéil a shaoradh. Go fuineadh néil nóna rinne sé a dhícheall é a shaoradh.
16 Ansin tháinig an mhuintir seo [ina slua] chun an rí agus dúirt siad: “Bíodh a fhios agat, a rí, de réir dhlí na Méideach agus na bPeirseach, nach féidir aon reacht ná órdú a dhéanann an rí a chur ar ceal.”
17 Ansin d'ordaigh an rí Dainéil a thabhairt i láthair agus é a chaitheamh san uaimh chun na leon. Dúirt an rí le Dainéil: “Do Dhia, a bhfuil seirbhís dhílis tugtha agat dó, fuasclaíodh sé thú.”
18 Tugadh cloch agus leagadh ar bhéal na huaimhe í agus chuir an rí a shéala féin agus séala a mhaithe uirthi ionas nach rachadh athrú ar aon ní a bhain le cúis Dhainéil.
19 D'fhill an rí ar a phálás ansin agus chaith an oíche ina throscadh, gan [luí le leannán]. Thréig a chodladh é.
20 Ansin le breacadh an lae d'éirigh an rí agus bhrostaigh leis go huaimh na leon.