1 Sa chead bhliain de réimeas Bhéilseazar, rí na Bablóine, rinneadh taibhreamh do Dhainéil agus físeanna ina cheann agus é ar a leaba. Scríobh sé síos an taibhreamh agus d'inis sé éirim an scéil.
2 Dúirt Dainéil: Chonaic mé físeanna istoíche. Féach! Bhí ceithre ghaoth neimhe ag coipeadh na bóchna móire.
3 Tháinig ceithre ainmhí mór aníos as an fharraige, gach ceann acu éagsúil lena chéile.
4 Bhí an chéad cheann mar leon agus sciatháin iolair air. Ansin, agus mé ag féachaint air, stolladh a sciatháin de, ardaíodh ó thalamh é agus chaith sé seasamh ar dhá chois amhail duine, agus tugadh croí duine dó.
5 Féach! Ainmhí eile, an dara ceann, agus é cosúil le béar, ardaithe ar a leathchliathán, agus trí easna ina bhéal idir a fhiacla. Dúradh leis: “Éirigh, alp siar a lán feola.”
6 Ina dhiaidh sin d'fhéach mé, agus b'sheo ceann eile mar liopard, agus ceithre sciathán éin ar a dhroim; bhí ceithre cheann ar an ainmhí agus tugadh tiarnas dó.
7 Ina dhiaidh seo rinneadh físeanna oíche dom, agus féach, an ceathrú hainmhí, uafar, scéiniúil, agus róthréan; bhí aige fiacla móra iarainn, agus shlog agus stoll sé, agus phasáil sé an fuílleach faoina chosa. Bhí sé éagsúil leis na hainmhithe eile go léir a bhí roimhe. Bhí deich n‑adharc air.