11 “Toisc glór na nithe móra a bhí á rá ag an adharc a bheith á chloisteáil agam, d'fhéach mé, agus, ag faire dom, maraíodh an t‑ainmhí, milleadh a chorp agus caitheadh i leataobh é le dó sa tine.
12 Maidir leis na hainmhithe eile, tógadh a dtiarnas chun siúil uathu, ach níor cuireadh deireadh lena saol go ceann ré agus aimsire.
13 Chonaic mé i bhfíseanna oíche.Féach! neach ag teacht ar néalta neimhe,amhail Mac an Duine.Tháinig sé chun Sinsir na Laethanta,agus cuireadh os a chomhair é.
14 Dó siúd tugadh tiarnas,glóir is ardfhlaitheas,go bhfónfadh dó an uile phobal, chine agus theanga.Tiarnas síoraí a thiarnas,nach rachaidh ar ceal,ná ní scriosfar a ríocht.
15 “Bhí buairt ar mo spioradsa, mise Dainéil, agus shuaith físeanna mo chinn mé.
16 Chuaigh mé anonn chun duine díobh siúd a bhí ina sheasamh ansiúd agus d'iarr mé air an fhírinne ina thaobh seo uile a insint dom. D'fhreagair sé mé agus nocht sé ciall na nithe sin dom.
17 ‘Ceithre rí a éireoidh as an talamh na ceithre ainmhí seo.