15 “Bhí buairt ar mo spioradsa, mise Dainéil, agus shuaith físeanna mo chinn mé.
16 Chuaigh mé anonn chun duine díobh siúd a bhí ina sheasamh ansiúd agus d'iarr mé air an fhírinne ina thaobh seo uile a insint dom. D'fhreagair sé mé agus nocht sé ciall na nithe sin dom.
17 ‘Ceithre rí a éireoidh as an talamh na ceithre ainmhí seo.
18 Ach is iad naoimh an Té is Airde a ghlacfaidh an ríocht agus a shealbhóidh í go deo agus go bruinne an bhrátha.’
19 Ansin b'áil liom an fhírinne a fhoghlaim i dtaobh an cheathrú hainmhí, a bhí éagsúil leis an gcuid eile go léir, é go ró-uafar le fiacla iarainn agus croibh práis, a shlog is a stoll, agus a phasáil an fuílleach faoina chosa;
20 agus i dtaobh na ndeich n‑adharc a bhí ar a cheann, agus na hadhairce eile a d'éirigh aníos agus ar thit trí cinn díobh roimhe, an adharc a raibh súile aici agus béal ag caint is ag rá nithe móra, a dhealraigh níos mó ná a comrádaithe.
21 Os comhair mo shúl chuir an adharc seo cogadh ar na naoimh agus chloígh iad,