24 Agus maidir leis na deich n‑adharc:As an ríocht seo,éireoidh deich rí agus éireoidh rí eile ina ndiaidh.Beidh sé éagsúil lenar ghabh roimhe,agus cloífidh sé trí rí.
25 Labhróidh sé briathra in aghaidh an Té is Airde,ciapfaidh sé naoimh an Té is Airde,agus smaoineoidh sé ar na haimsirí agus ar an dlí a athrú.Tabharfar na naoimh ina lámhaar feadh ré, agus dhá ré, agus leathré.
26 Ach suífidh an chúirt i mbreithiúnas agus bainfear a thiarnas de,le scriosadh agus le milleadh óna mháithreacha boinn.
27 An ríocht, an tiarnas,mórgacht gach flaithis faoin spéir,tabharfar iad uile do phobal naoimh an Té is Airde.Is ríocht shíoraí a ríochtagus géillfidh agus umhlóidh gach ríocht dóibh.’
28 “Sin finit leis an ábhar seo. Maidir liomsa, Dainéil, bhí mé suaite go mór i mo smaointe, chlaochlaigh mo lí, ach choimeád mé an gnó i m'aigne.”