Dainéil (Gr) 7:6-12 ABN

6 Ina dhiaidh sin d'fhéach mé, agus b'sheo ceann eile mar liopard, agus ceithre sciathán éin ar a dhroim; bhí ceithre cheann ar an ainmhí agus tugadh tiarnas dó.

7 Ina dhiaidh seo rinneadh físeanna oíche dom, agus féach, an ceathrú hainmhí, uafar, scéiniúil, agus róthréan; bhí aige fiacla móra iarainn, agus shlog agus stoll sé, agus phasáil sé an fuílleach faoina chosa. Bhí sé éagsúil leis na hainmhithe eile go léir a bhí roimhe. Bhí deich n‑adharc air.

8 Bhreithnigh mé na hadharca, agus féach, d'éirigh ina measc ceann eile, adhaircín, agus stoitheadh trí cinn de na chéad adharca aníos lena theacht. Agus b'sheo súile mar shúile duine san adharc seo, agus béal ag caint is ag rá nithe móra.

9 Bhí mé ag faire:Cuireadh cathaoireacha ríoga ina n‑ionadagus shuigh Sinsear na Laethanta.Bhí a éide ar lí an tsneachta,agus folt a chinn mar olann ghlan.Ba lasair thintrí a chathaoir ríoga,agus ba thine spréacharnach a rothaí.

10 Ling sruth tineagus bhrúcht amach roimhe.Bhí míle míle ag fónamh dóagus deich míle de dheich mílte ina seasamh os a chomhair.Shuigh an chúirt i mbreithiúnas,agus osclaíodh na leabhair.

11 “Toisc glór na nithe móra a bhí á rá ag an adharc a bheith á chloisteáil agam, d'fhéach mé, agus, ag faire dom, maraíodh an t‑ainmhí, milleadh a chorp agus caitheadh i leataobh é le dó sa tine.

12 Maidir leis na hainmhithe eile, tógadh a dtiarnas chun siúil uathu, ach níor cuireadh deireadh lena saol go ceann ré agus aimsire.