14 Dúirt [an chéad cheann leis]: “Ar feadh dhá mhíle trí chéad nóin agus maidin fós; ansin cuirfear an sanctóir arís i seilbh a chirt.”
15 Ag breathnú na físe domsa, Dainéil, lorg mé a ciall agus b'sheo os mo chomhair neach mar dhuine ar a dhealramh.
16 Chuala mé guth duine idir bruacha Úlai ag glaoch: “A Ghaibriéil, tabhair tuiscint ar an bhfís don fhear seo.”
17 Ansin tháinig sé i ngar don bhall ina raibh mé i mo sheasamh, agus, nuair a dhruid sé liom, tháinig scanradh orm agus thit mé ar mo bhéal agus ar m'fhiacla. Ach dúirt sé: “Tuig a mhic an duine gur d'uain na críche atá an fhís.”
18 Thit mo chodladh go trom orm agus é ag caint liom agus m'aghaidh leis an talamh. Bhain sé liom agus d'ardaigh ar mo bhoinn mé.
19 “Cuirfidh mé in iúl duit cad a bheidh i gcrích dheireanach na feirge, óir baineann sé le huain chinnte na críche.
20 An reithe a chonaic tú, is iad ríthe na Méide agus na Peirse a dhá adharc.