17 Ansin tháinig sé i ngar don bhall ina raibh mé i mo sheasamh, agus, nuair a dhruid sé liom, tháinig scanradh orm agus thit mé ar mo bhéal agus ar m'fhiacla. Ach dúirt sé: “Tuig a mhic an duine gur d'uain na críche atá an fhís.”
18 Thit mo chodladh go trom orm agus é ag caint liom agus m'aghaidh leis an talamh. Bhain sé liom agus d'ardaigh ar mo bhoinn mé.
19 “Cuirfidh mé in iúl duit cad a bheidh i gcrích dheireanach na feirge, óir baineann sé le huain chinnte na críche.
20 An reithe a chonaic tú, is iad ríthe na Méide agus na Peirse a dhá adharc.
21 Is é rí na Gréige an pocán; an adharc mhór idir a dhá shúil, sin é an chéad rí.
22 An adharc bhriste, agus na ceithre adharc eile a d'fhás ina hionad sin ceithre ríocht a éireoidh óna phobal ach nach mbeidh a chumhacht acu.
23 I ndeireadh a réime, in am bhrúchta a n‑olc,éireoidh rí, garbh ina dhreach, sás cruacheasta a réiteach.