23 I ndeireadh a réime, in am bhrúchta a n‑olc,éireoidh rí, garbh ina dhreach, sás cruacheasta a réiteach.
24 Beidh a chumhacht tréan (ach ní dá neart féin é);millfidh sé go huafásach;agus rithfidh leis ina ghnóthaí;scriosfaidh sé treoin,agus pobal na naomh.
25 Trína ghliceasneartóidh sé leis an bhfeall faoina láimh,agus borrfaidh sé le huabhar ina chroí.Millfidh sé a lán gan choinne,agus éireoidh sé fiú in aghaidh Prionsa na bPrionsa;ach brisfear é - agus sin trí láimh nach daonna.
26 Is fíor í fís na nónta agus na maidineacha atá inste,ach cuirse séala ar an bhfís mar baineann sí le mórán lá ó inniu.”
27 Chaill mise, Dainéil, mo bhrí agus bhí mé breoite líon mór laethanta. Ansin d'éirigh mé agus chuaigh mé i mbun cúraimí an rí, agus alltacht orm ag an bhfís agus gan tuiscint agam uirthi.