Dainéil (Gr) 9:12-18 ABN

12 Chomhlíon sé na briathra a labhair sé inár n‑aghaidh agus in aghaidh ár rialtóirí a rialaigh sinn; thug sé tubaiste chomh mór sin orainn nach bhfuil leithéid a ndearnadh in aghaidh Iarúsailéim déanta in aon áit faoin spéir.

13 Mar atá scríofa i ndlí Mhaois tá an tubaiste seo go léir tagtha orainn; ach níor impíomar fabhar i láthair an Tiarna, ár nDia, agus filleadh ónár gcionta agus a géilleadh do d'fhírinne.

14 Uime sin rinne an Tiarna faire ar an urchóid agus thug anuas orainn í; mar is fíréan é an Tiarna, ár nDia, san uile obair dá ndearna sé agus níor éisteamar lena ghuth.

15 Anois, a Thiarna, ár nDia, a thug do phobal ó thalamh na hÉigipte amach le láimh chumhachtach - agus maireann a cháil sin go dtí inniu féin - tá an peaca, an urchóid, déanta againne.

16 A Thiarna, de réir iomad do ghníomhartha fíréanta, iompaíodh d'fhearg is do chuthach ó do chathair Iarúsailéim, do shliabh naofa; mar trínár bpeacaí agus trí choireanna ar n‑aithreacha, tá Iarúsailéim agus do phobal ina ábhar gáire ag cách máguaird orainn.

17 Uime sin, éist, a Dhia, le hachainí dá shearbhónta agus lena urnaithe. Ar do shon féin, a Thiarna, go ndealraí do ghnúis ar do shanctóir tréigthe.

18 Claon do chluas, a Dhia liom, agus éist; oscail do shúile agus feic ár n‑ainnise agus an chathair ar a nglaoitear d'ainm; mar ní toisc ár ndea-oibreacha a chuirimid ár n‑urnaithe i do láthair, ach toisc iomad do mhórthrócaire.