17 Uime sin, éist, a Dhia, le hachainí dá shearbhónta agus lena urnaithe. Ar do shon féin, a Thiarna, go ndealraí do ghnúis ar do shanctóir tréigthe.
18 Claon do chluas, a Dhia liom, agus éist; oscail do shúile agus feic ár n‑ainnise agus an chathair ar a nglaoitear d'ainm; mar ní toisc ár ndea-oibreacha a chuirimid ár n‑urnaithe i do láthair, ach toisc iomad do mhórthrócaire.
19 A Thiarna, tabhair cluas dúinn! a Thiarna, tabhair maithiúnas! A Thiarna, tóg ceann dúinn agus déan beart! Ná moilligh - ar do shon féin! a Dhia, mar tá glaoite ar d'ainm i gcabhair ar do chathair agus ar do phobal.”
20 Labhair mé arís, agus ghuigh mé ag admháil mo pheacaí féin agus peacaí mo phobail, Iosrael, agus ag déanamh m'urnaí i láthair an Tiarna, mo Dhia, ar son shliabh naofa mo Dhé.
21 Ag labhairt dom i mo ghuí, tháinig chugam faoi lánseol, Gaibriéil - an neach a bhí feicthe agam i bhfís ar dtús - ar uair íobartha na nóna.
22 Dúirt sé liom: “A Dhainéil, seo mise: tháinig mé amach chun teacht agus tú a theagasc san eagna.
23 I dtosach d'achainí ghabh briathar amach agus táim tagtha chun é a insint duit mar is mór mar a thugtar grá duit. Iniúch an focal, tuig an fhís: