3 Gach fód ar a leagfaidh sibh bonn bhur gcoise, tabharfaidh mé daoibh é, mar a gheall mé do Mhaois.
4 Ón bhfásach agus ón Liobáin anseo go dtí an Abhainn Mhór, an Eofrataes, dúiche na Hiteach go léir chomh fada leis an bhFarraige Mhór laistiar, sin iad na críocha a bheidh agaibh.
5 Ní fhéadfaidh aon duine an fód a sheasamh i d'aghaidh i gcaitheamh do shaoil go léir; mar a bhí agam le Maois is ea a bheidh agam leatsa; ní thréigfidh mé thú ná cliseadh ort.
6 Bíodh neart ionat agus misneach agat, mar an tír seo a mhionnaíos dá n‑aithreacha a thabharfainn dóibh, is tusa a chuirfidh é i seilbh an phobail seo mar oidhreacht.
7 Bí teann, sin uile, agus bíodh misneach thar na bearta agat, agus féach chuige le cáiréis go ndéanfaidh tú beart de réir an dlí go léir a d'ordaigh Maois m'óglach duit; ná cas ar dheis ná ar chlé uaidh, i dtreo go mbeidh an t‑ádh leat cibé treo baill ina rachaidh tú.
8 Leabhar seo an dlí, ná fágadh sé do bhéal ach déan do mhachnamh air de lá agus d'oíche, le go ndéanfaidh tú go beacht de réir gach a bhfuil scríofa ann, óir is mar sin a chuirfidh tú an rath ar do ród agus a bheidh an t‑ádh i do bhóthar.
9 Nár thug mé ordú duit? Bí teann agus bíodh misneach agat. Ná bíodh eagla ort ná beaguchtach, mar tá an Tiarna do Dhia farat cibé áit a rachaidh tú.”