Iósua 23 ABN

Teachtaireacht Deiridh Iósua dá Phobal

1 I bhfad ina dhiaidh sin, nuair a bhí suaimhneas tugtha ag an Tiarna d'Iosrael ó chiapadh a naimhde go léir ina dtimpeall, agus Iósua féin ina sheanduine anonn go maith sna blianta,

2 chuir Iósua tionól ar Iosrael go léir, ar a seanóirí, a dtaoisigh, a mbreithiúna agus a bhfeidhmeannaigh, agus dúirt sé leo: “Seanduine mise anois, anonn go maith sna blianta.

3 Chonaic sibhse féin le bhur súile cinn na nithe sin go léir a rinne an Tiarna ár nDia leis na ciníocha seo go léir. An Tiarna bhur nDia a throid ar bhur son.

4 Dháil mé oraibh, mar oidhreacht do bhur dtreibheanna, na ciníocha atá fós gan cloí chomh maith leo sin go léir a scrios mé idir an Iordáin agus an Fharraige Mhór thiar.

5 Déanfaidh an Tiarna bhur nDia iad a thiomáint amach romhaibh, agus iad a dhíbirt ó bhur láthair, agus gheobhaidh sibh seilbh ar an talamh mar a gheall an Tiarna bhur nDia daoibh.

6 Seasaigí an fód dá bhrí sin agus déanaigí agus comhlíonaigí a bhfuil scríofa i leabhar dlí Mhaois, gan claonadh ar dheis uaidh, ná ar chlé,

7 ná caidreamh a dhéanamh leis na ciníocha atá fágtha fós in bhur measc, ná ainmneacha a ndéithe a lua, ná mionnú dar iad, ná fónamh dóibh, ná sléachtadh rompu.

8 Ach bígí dílis don Tiarna bhur nDia mar a bhí sibh go dtí an lá seo féin.

9 Óir dhíbir an Tiarna ciníocha móra tréana romhaibh agus níorbh fhéidir d'aon duine an fód a sheasamh in bhur n‑aghaidhse go dtí inniu féin.

10 Cuireann duine agaibh an teitheadh ar mhíle, mar is é an Tiarna bhur nDia a throideann ar bhur son, faoi mar gheall sé daoibh.

11 Déanaigí deimhin de, más ansa libh bhur n‑anam, grá a thabhairt don Tiarna bhur nDia.

12 Má bhíonn sibh mídhílis agus caidreamh a dhéanamh le fuíoll na gciníocha a fágadh anseo in bhur measc, agus cleamhnais a dhéanamh leo i dtreo go bpósfaidh sibh a gcuid ban agus go bpósfaidh siadsan bhur gcuidse,

13 bíodh a fhios agaibh go dearfa nach leanfaidh an Tiarna bhur nDia air ag díbirt na gciníocha seo romhaibh; beidh siad mar ghaiste agus mar shlogaide agaibh, mar sciúirse ar bhur maotháin agus mar dhealg in bhur súile go dté sibh ar ceal ón tír fhónta seo a thug an Tiarna daoibh.

14 “Ní foláir domsa anois bealach na cré go léir a ghabháil. Déanadh gach mac máthar díbh a admháil ó chroí agus ó anam, nár theip ar oiread agus gealltanas de na gealltanais go léir a thug an Tiarna bhur nDia in bhur dtaobh; comhlíonadh iad go léir, gan ceann a theip.

15 Ach má comhlíonadh daoibh gach gealltanas fónta a thug an Tiarna bhur nDia daoibh, comhlíonfaidh an Tiarna chomh maith gach urchóid atá á bagairt aige oraibh, go fiú sibh a scrios as an tír fhónta a thug an Tiarna bhur nDia daoibh.

16 Má bhriseann sibh an conradh a d'éiligh an Tiarna bhur nDia oraibh, agus dul agus fónamh do dhéithe eile agus sléachtadh dóibh, ansin déanfar fearg an Tiarna a adhaint in bhur gcoinne, agus scriosfar sibh go tapa de dhroim na tíre fónta a thug sé daoibh.”

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24