Iósua 18 ABN

Na Treibheanna Eile

1 Chruinnigh tionól phobal uile Iosrael le chéile ag Sileo agus cóiríodh Both na Teagmhála ansiúd dóibh; bhí an tír uile faoina smacht agus faoina réir.

2 Bhí seacht dtreibheanna fós ar chlann Iosrael a bhí gan oidhreacht a fháil.

3 Ansin dúirt Iósua le clann Iosrael: “An fada eile an t‑am a chuirfidh sibh amú agus gan dul isteach agus seilbh a thógáil ar an bhfearann a thug an Tiarna, Dia bhur n‑aithreacha, daoibh?

4 Toghaigí triúr as gach treibh, agus déanfaidh mé iad a sheoladh síos agus suas faoin tír d'fhonn go scríobhfaidís tuairisc air le haghaidh é a roinnt agus filleadh orm.

5 Ní foláir daoibh an talamh a roinnt ina seacht ranna agus Iúdá ag fanacht ina dhúiche féin theas agus teaghlach Iósaef ina dhúiche féin thuaidh.

6 Déanaigí an fearann a roinnt faoi seacht in bhur dtuarascáil agus tuairisc a thabhairt anseo chugamsa i dtreo go gcuirfinn ar cranna é anseo daoibh i láthair an Tiarna, ár nDia.

7 Níl aon chuid ag na Léivítigh in bhur measc; sagartacht an Tiarna a gcuid. Tá a n‑oidhreacht faighte ag Gád, ag Reúbaen, agus ag leaththreibh Mhanaise thoir lastall den Iordáin, faoi mar a thug Maois, óglach an Tiarna, dóibh.”

8 Chuir na fir chun bealaigh. Dúirt Iósua leo siúd a bhí le tuairisc a scríobh ar an tír: “Déanaigí an tír a iniúchadh ó cheann ceann agus tuairisc a scríobh air, agus filligí ansin orm. Cuirfidh mé ar cranna daoibh é anseo i láthair an Tiarna i Sileo.”

9 Rinne na fir an tír a iniúchadh ó cheann ceann, agus scríobhadar tuairisc air, baile ar bhaile, i seacht ranna, agus d'fhilleadar ar Iósua sa champa i Sileo.

10 Chuir Iósua ar cranna dóibh é i láthair an Tiarna i Sileo, agus roinn sé an talamh ansiúd ar chlann Iosrael, a chion féin do gach dream díobh.

Treibh Bhiniáimin

11 Thit a roinn féin le treibh Bhiniáimin de réir finí, agus tharla gur idir treibh Iúdá agus treibh Iósaef a bhí an roinn talún a thit leo.

12 Ar an taobh thuaidh, thosaigh a dteorainn ag an Iordáin, ghabh suas gualainn thuaidh Ireachó, siar in airde trí na hardáin agus stad ag fásach Bhéit Ávan.

13 Ghabh an teorainn ó dheas as sin i dtreo Lúz, go slios Lúz - Béitéil anois - ansin síos go Atarót Adár ar an sliabh laisteas de Bhéit Horon Íochtarach.

14 Bhí cor sa teorainn ansin agus chas sí ó dheas laistiar ón gcnoc theas sall ó Bhéit Horon, agus stad ag Ciriat Bál, Ciriat Iáraím sé sin, cathair le treibh Iúdá. Sin é an taobh thiar.

15 Ar an taobh theas ghabh an teorainn ó imeall Chiriat Iáraím i dtreo [Ghaisin], agus go foinsí Uiscí Neaftóach.

16 Ghabh an teorainn ansin síos le taobh an tsléibhe sall ó Ghleann Bhein Hiniom, lastuaidh de mhachaire na Rafáím, ansin síos isteach i nGleann Hiniom, laisteas de ghualainn na Iabúsach síos amach go hÉan Rogael.

17 Chas sé ó thuaidh ansin agus ar aghaidh go hÉan Seimis agus as sin go dtí na clocháin chruinne sall ó Ard Adumaím.

18 Ar aghaidh léi ansin go Ceitif os comhair an Arabá, agus síos go dtí an tArabá agus go Lia Bhohan mac Reúbaen.

19 Ghabh sí as sin ó thuaidh thar ghualainn Bhéit Hoglá. Stad an teorainn ag bá thuaidh Mhuir an tSalainn, ag bun na Iordáine theas. Sin í an teorainn theas.

20 An Iordáin féin an teorainn thoir. Sin í oidhreacht chlann Bhiniáimin, agus na teorainneacha a chinntigh í mórthimpeall, ceann ar cheann.

21 Seo iad cathracha threibh chlann Bhiniáimin de réir a bhfiní: Ireachó, Béit Hoglá, Éimic Cizíz,

22 Béit Arabá, Zamáraím, Béitéil,

23 Áivím, Párá, Ofrá,

24 Cafar Ámónaí, Oifní, Geaba - dhá chathair déag lena sráidbhailte;

25 Gibeón, Rámá, Beaerót,

26 Mizpe, Cifíreá, Mozá,

27 Reicim, Irpéil, Taralá,

28 Zaelá, Haeilif, Iarúsailéim, Gibea, Ciriat Iáraím - ceithre cathracha déag lena sráidbhailte. Sin í oidhreacht chlann Bhiniáimin de réir a bhfiní.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24