Iósua 12 ABN

Achoimre

1 Siad seo ríthe na tíre a chloígh clann Iosrael agus ar ghabhadar seilbh ar a gcríocha lastall den Iordáin agus i dtreo an oirthir, ó shileán Arnón go Sliabh Hearmón, agus an tArabá ar fad lastoir:

2 Síochon rí na nAmórach a bhí ag cur faoi i Heisbeón, agus ag rialú ó Aroéir ar imeall Ghleann Arnón - agus com an ghleanna san áireamh - thar leath Ghileád chomh fada le habhainn an Iaboc, teorainn na nAmónach;

3 agus soir thar an Arabá go Muir Chinearót ar thaobh, agus go Muir an Arabá, Muir an tSalainn, i dtreo Bhéit Isimiot chomh fada le spoir shliabh Phisceá ar an taobh theas;

4 Óg rí Bháiseán, duine d'iarmhar na Rafáím, a bhí ag cur faoi in Aisteárót agus in Eidreí;

5 bhí sé i gceannas ar Shliabh Hearmón agus ar Shalacá agus ar Bháiseán go léir go teorainn na nGeasúrach agus na Mácátach, agus ar leath Ghileád go teorainn Shíochon rí Heisbeón.

6 Chloígh Maois óglach an Tiarna agus clann Iosrael iadsan; agus thug Maois óglach an Tiarna a dtailte ina seilbh do na Reúbaenaigh agus do na Gádaigh, agus do leath-threibh Mhanaise.

7 Seo iad ríthe na dúiche a chloígh Iósua agus clann Iosrael laistiar den Iordáin ó Bhál Gád i nGleann na Liobáine go Sliabh Hálác, in airde i dtreo Shaeír; agus bhronn Iósua a bhfearainn ar threibheanna Iosrael mar chuid roinne:

8 sna hardáin agus na hísleáin; san Arabá agus ar na sleasa; san fhásach agus sa Neigib, i gcríocha na Hiteach, na nAmórach, na gCanánach, na bPirizeach, agus na Iabúsach:

9 rí Ireachó, duine; rí Háí le hais Bhéitéil, duine;

10 rí Iarúsailéim, duine; rí Heabrón, duine;

11 rí Iarmút, duine; rí Láicís, duine;

12 rí Eaglón, duine; rí Gheizir, duine;

13 rí Dheibír, duine; rí Gheidir, duine;

14 rí Hormá, duine; rí Arád, duine;

15 rí Libneá, duine; rí Adulám, duine;

16 rí Mhacaedá, duine; rí Bhéitéil, duine;

17 rí Thapúach, duine; rí Héifir, duine;

18 rí Afaec, duine; rí Laiseárón, duine;

19 rí Mhádón, duine; rí Házór, duine;

20 rí Shimearón, duine; rí Aicseáf, duine;

21 rí Thánac, duine; rí Mhigideo, duine;

22 rí Cheidis, duine; rí Iocnán i gCairmeil, duine;

23 rí Dhór ar shleasa sléibhte Dhór, duine; rí Ghóím sa Ghailíl, duine;

24 rí Thirzeá, duine. Líon iomlán na ríthe sin: triúr déag ar fhichid.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24