12 Ansin labhair Iósua leis an Tiarna an lá céanna ceannann a thug an Tiarna na hAmóraigh ar láimh do chlann Iosrael; chan Iósua i láthair chlann Iosrael:“A ghrian, fan socair os cionn Ghibeón,Agus, a ghealach, os cionn Ghleann Aiálón.”
13 Agus d'fhan an ghrian socair agus an ghealach ina stad,Nó go raibh díoltas déanta ag an bpobal ar a naimhde.Nach bhfuil seo scríofa i Leabhar na bhFíréan? D'fhan an ghrian ina stad i lár na spéire agus chuir moill ar a dul faoi ar feadh lae iomláin, geall leis.
14 Ní raibh lá mar é riamh ná ó shin i leith nuair a ghéill an Tiarna do ghuth duine mar bhí an Tiarna ag troid ar son Iosrael.
15 D'fhill Iósua agus Iosrael go léir fairis ar ais ar an gcampa i nGilgeál.
16 Theith an cúigear rí úd agus chuadar i bhfolach in uaimh Mhacaedá.
17 Tugadh scéala chun Iósua: “Fuarthas an cúigear rí agus iad i bhfolach in uaimh Mhacaedá.”
18 “Cuirigí,” arsa Iósua, “leacacha móra le béal na huaimhe, agus díorma fear ar garda láimh léi.