15 D'fhill Iósua agus Iosrael go léir fairis ar ais ar an gcampa i nGilgeál.
16 Theith an cúigear rí úd agus chuadar i bhfolach in uaimh Mhacaedá.
17 Tugadh scéala chun Iósua: “Fuarthas an cúigear rí agus iad i bhfolach in uaimh Mhacaedá.”
18 “Cuirigí,” arsa Iósua, “leacacha móra le béal na huaimhe, agus díorma fear ar garda láimh léi.
19 Ná fanaigí féin díomhaoin, ansiúd, áfach; téigí sa tóir ar bhur naimhde; sáraígí iad ina gconair theithe agus ná ligigí isteach ina gcathracha iad, mar tá an Tiarna bhur nDia tar éis iad a thabhairt ar láimh daoibh.”
20 Nuair a bhí ár agus eirleach déanta orthu ag Iósua, agus ag saighdiúirí Iosrael agus gan ach iarmhar beag fágtha, theith fuíoll an áir chun a gcathracha daingne.
21 D'fhill an pobal go léir slán folláin ar champa Iósua i Macaedá, agus níor leomhaigh aon duine iarracht a dhéanamh in aghaidh chlann Iosrael.