29 Ghabh Iósua ar aghaidh ansin ó Mhacaedá go Libneá agus sluaite Iosrael go léir fairis agus d'ionsaigh sé Libneá.
30 Thug an Tiarna í seo ar láimh d'Iosrael chomh maith, í féin agus a rí; d'imríodar faobhar claímh uirthi agus ar gach duine inti, gan duine beo a fhágáil inti; agus thugadar an íde chéanna ar a rí agus a thugadar ar rí Ireachó.
31 Ghluais Iósua ar aghaidh ó Libneá go Láicís agus sluaite Iosrael go léir fairis; chuir sé léigear uirthi agus d'ionsaigh í.
32 Agus thug an Tiarna Láicís ar láimh d'Iosrael agus ghabhadar í ar an dara lá; d'imríodar faobhar claímh uirthi agus ar gach duine inti mar a rinneadar le Libneá.
33 Ansin tháinig Horám rí Gheizir aníos i gcabhair ar Láicís, ach threascair Iósua é féin agus a mhuintir agus níor fágadh duine beo.
34 Ghluais Iósua ar aghaidh agus sluaite Iosrael go léir fairis ó Láicís go hEaglón; chuireadar léigear uirthi agus d'ionsaíodar í.
35 Ghabhadar í an lá céanna agus d'imríodar faobhar claímh uirthi. Chuir sé gach duine inti faoin mbang an lá sin mar a rinne le Láicís.