3 Ansin chuir Adonaízidic rí Iarúsailéim scéala chun Hóhám rí Heabrón, Pireám rí Iarmút, Iáfia rí Láicís agus Deibír rí Eaglón.
4 “Taobhaigí liom,” ar sé, “agus tagaigí i gcabhair orm; déanaimís Gibeón a scrios mar go ndearna sí síocháin le Iósua agus le clann Iosrael.”
5 Na cúig ríthe Amóracha .i. rí Iarúsailéim, rí Heabrón, rí Iarmút, rí Láicís, agus rí Eaglón - chruinníodar a sluaite le chéile agus ghluaiseadar chun bóthair lena n‑airm go léir; rinneadar léigear ar Ghibeón agus d'ionsaíodar é.
6 Chuir muintir Ghibeón scéala chun Iósua ina champa i nGilgeál á rá: “Ná tréig do shearbhóntaí; brostaigh anseo aníos chugainn chun sinn a fhuascailt agus fóirithint orainn mar go bhfuil ríthe na nAmórach go léir atá ag cur fúthu sna hardáin cruinnithe le chéile inár n‑aghaidh.”
7 Ghabh Iósua féin suas ó Ghilgeál dá réir sin, agus a lucht cogaidh go léir fairis, agus na gaiscígh go léir.
8 Dúirt an Tiarna le Iósua: “Ná bíodh aon eagla ort rompu seo, mar thug mé i do láimh duit iad; ní fhéadfaidh oiread agus duine díobh an fód a sheasamh i do choinne.”
9 Mháirseáil Iósua ó Ghilgeál ar feadh na hoíche dá bhrí sin agus tháinig sé orthu aniar aduaidh.