31 Ghluais Iósua ar aghaidh ó Libneá go Láicís agus sluaite Iosrael go léir fairis; chuir sé léigear uirthi agus d'ionsaigh í.
32 Agus thug an Tiarna Láicís ar láimh d'Iosrael agus ghabhadar í ar an dara lá; d'imríodar faobhar claímh uirthi agus ar gach duine inti mar a rinneadar le Libneá.
33 Ansin tháinig Horám rí Gheizir aníos i gcabhair ar Láicís, ach threascair Iósua é féin agus a mhuintir agus níor fágadh duine beo.
34 Ghluais Iósua ar aghaidh agus sluaite Iosrael go léir fairis ó Láicís go hEaglón; chuireadar léigear uirthi agus d'ionsaíodar í.
35 Ghabhadar í an lá céanna agus d'imríodar faobhar claímh uirthi. Chuir sé gach duine inti faoin mbang an lá sin mar a rinne le Láicís.
36 Ansin ghluais Iósua ar aghaidh ó Eaglón go Heabrón agus sluaite Iosrael go léir fairis. D'ionsaíodar í,
37 ghabhadar í agus d'imríodar faobhar claímh uirthi féin, ar a rí agus ar gach láthair a bhain léi, agus ar gach duine inti; agus, faoi mar a rinne sé le hEaglón, níor fhág sé fear inste scéil inti; chuir sé faoin mbang í le gach dúil bheo inti.