36 Ansin ghluais Iósua ar aghaidh ó Eaglón go Heabrón agus sluaite Iosrael go léir fairis. D'ionsaíodar í,
37 ghabhadar í agus d'imríodar faobhar claímh uirthi féin, ar a rí agus ar gach láthair a bhain léi, agus ar gach duine inti; agus, faoi mar a rinne sé le hEaglón, níor fhág sé fear inste scéil inti; chuir sé faoin mbang í le gach dúil bheo inti.
38 Ansin chas Iósua i leataobh in aghaidh Dheibír, agus sluaite Iosrael go léir fairis, agus d'ionsaigh sé í.
39 Ghabh sé í féin agus a rí agus na láithreacha go léir a bhain léi; d'imríodar faobhar claímh orthu agus chuireadar gach dúil bheo inti faoin mbang; níor fhág sé fear inste scéil. Thug sé an íde chéanna ar Dheibír agus ar a rí agus a thug ar Heabrón agus a thug ar Libneá agus ar a rí.
40 Fuair Iósua an lámh in uachtar ar an gcuma sin ar an tír ar fad - na hardáin, an Neigib, na hísleáin, na fánaí, agus a ríthe go léir; níor fhág sé duine beo, agus chuir sé gach dúil bheo faoin mbang mar a d'ordaigh an Tiarna, Dia Iosrael.
41 Chloígh Iósua iad ó Cháidéis Bairnéa go Gazá, dúiche uile Ghoisin chomh fada le Gibeón.
42 Ghabh Iósua na ríthe sin go léir agus a bhfearainn d'aon iarracht amháin mar go raibh an Tiarna, Dia Iosrael, ag troid ar son Iosrael.