39 Ghabh sé í féin agus a rí agus na láithreacha go léir a bhain léi; d'imríodar faobhar claímh orthu agus chuireadar gach dúil bheo inti faoin mbang; níor fhág sé fear inste scéil. Thug sé an íde chéanna ar Dheibír agus ar a rí agus a thug ar Heabrón agus a thug ar Libneá agus ar a rí.
40 Fuair Iósua an lámh in uachtar ar an gcuma sin ar an tír ar fad - na hardáin, an Neigib, na hísleáin, na fánaí, agus a ríthe go léir; níor fhág sé duine beo, agus chuir sé gach dúil bheo faoin mbang mar a d'ordaigh an Tiarna, Dia Iosrael.
41 Chloígh Iósua iad ó Cháidéis Bairnéa go Gazá, dúiche uile Ghoisin chomh fada le Gibeón.
42 Ghabh Iósua na ríthe sin go léir agus a bhfearainn d'aon iarracht amháin mar go raibh an Tiarna, Dia Iosrael, ag troid ar son Iosrael.
43 Ansin d'fhill Iósua, agus sluaite Iosrael go léir fairis, ar an gcampa ag Gilgeál.