1 Nuair a chuala Iáibín rí Házór na nithe sin chuir sé scéala fúthu go Ióbab rí Mhádón agus go rí Shimreon agus go rí Aicseáf,
2 agus go dtí na ríthe sna hardáin thuaidh agus sa ghleann laisteas de Chinearót agus sna hísleáin agus sna leitreacha siar ó Dhór;
3 go dtí na Canánaigh thoir agus thiar, na hAmóraigh, na Hitigh, na Pirizigh, na Iabúsaigh sna sléibhte, agus na Hivigh faoi scáth Hearmón i Mizpeá.
4 Chuireadar chun bealaigh lena sluaite go léir, iad líonmhar mar ghaineamh na trá, le capaill agus carbaid gan áireamh.