12 Ghabh Iósua cathracha na ríthe sin go léir agus a ríthe go léir; d'imir sé faobhar claímh orthu agus iad curtha faoin mbang, faoi mar a d'ordaigh Maois óglach an Tiarna.
13 Níor loisc Iosrael aon chathair díobh siúd go léir ar a dtulaigh, seachas Házór amháin a chuir Iósua trí thine.
14 Thug muintir Iosrael leo mar chreach éadáil agus eallach na gcathracha sin; d'imríodar faobhar claímh ar gach daonnaí, agus scriosadar iad go léir; níor fhágadar fiú duine agus anáil na beatha ann.
15 Gach ar ordaigh an Tiarna do Mhaois a óglach, thug seisean mar ordú do Iósua, agus chuir Iósua i gcrích é, gan faillí a dhéanamh ar aon ní dár ordaigh an Tiarna do Mhaois.
16 Fuair Iósua seilbh ar an tír sin go léir, na hardáin, an Neigib go léir, agus fearann uile Ghoisin, na hísleáin, an tArabá, ardáin agus ísleáin Iosrael.
17 Ó Shliabh Hálác a éiríonn i dtreo Shaeír chomh fada le Bál Gád in nGleann na Liobáine faoi scáth Hearmón, ghabh sé na ríthe go léir, threascair iad agus bhásaigh iad.
18 Chuir Iósua cogadh ar na ríthe sin go léir ar feadh i bhfad.