4 Chuireadar chun bealaigh lena sluaite go léir, iad líonmhar mar ghaineamh na trá, le capaill agus carbaid gan áireamh.
5 Tháinig na ríthe seo go láthair choinne agus chomhdhála agus shuíodar a gcampaí le hais a chéile ag uiscí Mhaeróm chun troid in aghaidh Iosrael.
6 Dúirt an Tiarna le Iósua: “Ná bíodh aon eagla ort rompu siúd, mar an taca seo amárach fágfaidh mé iad go léir treascartha os comhair a súl ag Iosrael; déan speireacha a n‑each a ghearradh agus tine a chur lena gcarbaid.”
7 Tháinig Iósua agus a ghaiscígh go léir gan choinne orthu ag uiscí Mhaeróm, agus thugadar fúthu.
8 Thug an Tiarna ar láimh d'Iosrael iad; bhriseadar orthu agus chuadar sa tóir orthu siar chomh fada le Síodón Mhór agus Misreafot Maím agus soir chomh fada le Gleann Mhizpeá. Bhíodar á bpleancadh go dtí nár fágadh fear inste scéil díobh.
9 Rinne Iósua leo mar a d'ordaigh an Tiarna; ghearr sé speireacha a n‑each agus dhóigh sé a gcarbaid.
10 D'fhill Iósua ansin agus ghabh sé Házór agus d'imir faobhar claímh ar a rí. Bhí ceannas ag Házór ar na ríochtaí sin go léir tráth.