6 Dúirt an Tiarna le Iósua: “Ná bíodh aon eagla ort rompu siúd, mar an taca seo amárach fágfaidh mé iad go léir treascartha os comhair a súl ag Iosrael; déan speireacha a n‑each a ghearradh agus tine a chur lena gcarbaid.”
7 Tháinig Iósua agus a ghaiscígh go léir gan choinne orthu ag uiscí Mhaeróm, agus thugadar fúthu.
8 Thug an Tiarna ar láimh d'Iosrael iad; bhriseadar orthu agus chuadar sa tóir orthu siar chomh fada le Síodón Mhór agus Misreafot Maím agus soir chomh fada le Gleann Mhizpeá. Bhíodar á bpleancadh go dtí nár fágadh fear inste scéil díobh.
9 Rinne Iósua leo mar a d'ordaigh an Tiarna; ghearr sé speireacha a n‑each agus dhóigh sé a gcarbaid.
10 D'fhill Iósua ansin agus ghabh sé Házór agus d'imir faobhar claímh ar a rí. Bhí ceannas ag Házór ar na ríochtaí sin go léir tráth.
11 Chuireadar chun báis de rinn claímh gach dúil bheo inti, agus iad faoin mbang. Níor fágadh duine inti le hanáil na beatha ann agus ansin loisc sé Házór.
12 Ghabh Iósua cathracha na ríthe sin go léir agus a ríthe go léir; d'imir sé faobhar claímh orthu agus iad curtha faoin mbang, faoi mar a d'ordaigh Maois óglach an Tiarna.