15 Thug Maois oidhreacht do threibh chlann Reúbaen de réir a bhfiní.
16 Ba iad seo a gcríocha: ó Aroéir ar imeall silteáin Arnón, agus an chathair i lár an choma, ardchlár Mhaedabá go léir,
17 le Heisbeón agus a cathracha go léir ar an ardchlár: Diobón, Bámót Bál, Béit Bál Meón,
18 Iahaz, Caedaemót agus Maefat,
19 Ciriataím, Suibmeá agus Zeirit Seahar ar ardáin an ghleanna;
20 Béit Peór ar shleasa Phisceá, agus Béit Isimiot,
21 cathracha an ardchláir go léir, is é sin, agus ríocht uile Shíochon rí na nAmónach, a rialaigh i Heisbeón; chloígh Maois eisean, agus taoisigh Mhidián - Eiví, Reicim, Zúr, Húr, agus Reaba, prionsaí le Síochon a bhí ag cur fúthu sa tír.