3 Áirítear mar fhearann Canánach ó Shíochór atá lastoir den Éigipt ó tfhuaidh go teorainn Eacrón: (tá cúigear taoiseach ar na Filistínigh, taoiseach ag Gazá, ag Aisdeod, ag Aiscileon, ag Gat, agus ag Eacrón. Tá na Havaím
4 laisteas). Dúiche uile na gCanánach ó Ará atá i seilbh na Síodónach go hAfaec agus go teorainn na nAmórach,
5 agus críocha na nGeabalach agus an Liobáin go léir soir ó Bhál Gád ag bun Sliabh Hearmón go Bealach Hamát.
6 An mhuintir go léir atá ag cur fúthu sna hardáin ón Liobáin siar go Misreafot Maím, na Síodónaigh go léir, tiomáinfidh mé amach iad roimh Iosrael; ach déansa an talamh a roinnt ar cranna ar chlann Iosrael mar oidhreacht, faoi mar a d'ordaigh mé duit.
7 Ní cás duit anois dá bhrí sin an fearann seo a roinnt ar na naoi dtreibheanna agus ar leath-threibh Mhanaise. [Tabhair dóibh ón Iordáin siar chun na Farraige Móire; beidh an Fharraige Mhór mar theorainn acu.]”
8 Fuair na Reúbaenaigh agus na Gádaigh [mar aon le leath-threibh eile Mhanaise] an oidhreacht a thug Maois óglach an Tiarna dóibh lastall den Iordáin soir amach. Bhronn Maois óglach an Tiarna orthu
9 an dúiche soir óAroéir ar imeall silteán Arnón, agus ón gcathair i lár an choma, agus ardchlár Mheadabá go léir chomh fada le Díobón;