7 Ní cás duit anois dá bhrí sin an fearann seo a roinnt ar na naoi dtreibheanna agus ar leath-threibh Mhanaise. [Tabhair dóibh ón Iordáin siar chun na Farraige Móire; beidh an Fharraige Mhór mar theorainn acu.]”
8 Fuair na Reúbaenaigh agus na Gádaigh [mar aon le leath-threibh eile Mhanaise] an oidhreacht a thug Maois óglach an Tiarna dóibh lastall den Iordáin soir amach. Bhronn Maois óglach an Tiarna orthu
9 an dúiche soir óAroéir ar imeall silteán Arnón, agus ón gcathair i lár an choma, agus ardchlár Mheadabá go léir chomh fada le Díobón;
10 na cathracha go léir a bhí ag Síochon rí na nAmórach a rialaigh i Heisbeón chomh fada le teorainn na nAmónach,
11 agus Gileád agus dúiche na nGeasúrach agus na Mácátach, Sliabh Hearmón go léir agus Báiseán go léir go Salacá;
12 i mBáiseán, ríocht uile Óg a rialaigh in Aisteárót agus in Eidreí, agus arbh é iarmhar uaigneach na Rafáím é; chloígh Maois iadsan agus thiomáin as a seilbh iad.
13 Níor dhíbir na hIosraelaigh na Geasúraigh ná na Mácátaigh; tá Geasúr agus Mácát ina gcuid d'Iosrael go dtí an lá inniu féin.