1 Seo iad na tailte a fuair clann Iosrael mar oidhreacht i dtír Chanán de réir mar a roinneadh orthu ag Eileázár an sagart agus Iósua mac Nún agus cinn finí chlann Iosrael.
2 Rinneadh an roinnt don naoi dtreibh go leith ar cranna mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.
3 Thug Maois a n‑oidhreacht féin don dá threibh go leith lastall den Iordáin, ach níor thug sé aon oidhreacht ina measc do chlann Léiví.
4 Dhá threibh a ba ea clann Iósaef, Manaise agus Eafráim; níor tugadh aon chuid den fhearann do na Léivítigh ach cathracha áirithe le cónaí iontu, agus an talamh féaraigh ina dtimpeall dá n‑eallach agus dá maoin.