12 Tabhair dom más ea na hardáin a gheall an Tiarna dom an uair úd. Chuala tú an uair úd go raibh na hAnacaím ag cur fúthu ansiúd, agus gur mhór agus gur dhaingean iad a gcathracha. Má bhíonn an Tiarna faram, tiomáinfidh mé amach iad mar a dúirt an Tiarna.”
13 Chuir Iósua a bheannacht ar Chálaeb mac Iafuna agus thug Heabrón dó mar oidhreacht.
14 Uime sin d'fhan Heabrón i seilbh oidhreachta Chálaeb mac Iafuna an Cinizeach mar go ndearna sé rud ar an Tiarna, Dia Iosrael, go beacht.
15 Ciriat Arba a bhí mar ainm ar Heabrón roimhe sin. Ba é an fear seo Arba an gaiscíoch ba mhó ag na hAnacaím.Agus bhí sos ó chogadh ag an tír.