17 Ba é fear a ghabh í ná Oitníéil mac Canaz, deartháir Chálaeb; thug Cálaeb a iníon Acsá dó le pósadh.
18 Nuair a tháinig sí go dtí a fear, ghriog seisean í chun gort a iarraidh ar a hathair. Phreab sí dá hasal agus d'fhiafraigh Cálaeb di: “Cad tá uait?”
19 D'fhreagair sise: “Tabhair bronntanas dom; ós rud é gur dhíbir tú mé go dtí an fásach, an Neigib, tabhair dom toibreacha éigin uisce.” Agus thug Cálaeb na toibreacha uachtaracha agus na toibreacha íochtaracha di.
20 Ba é sin oidhreacht threibh chlann Iúdá de réir a bhfiní.
21 Seo iad na cathracha le treibh chlann Iúdá is sia ó dheas i dtreo teorainn Eadóm sa Neigib: Cabzael, Éidir, Iágúr,
22 Cíneá, Dimeoná Adádá,
23 Ceidis, Házór, Itneán,