2 Thosaigh a dteorainn theas ó íochtar Mhuir an tSalainn, ag an mbá a bhfuil a aghaidh ó dheas, agus
3 shín laisteas de Bhealach Acraibím, ar aghaidh trí Zin agus suas laisteas de Cháidéis Bairnéa, thar Heizreón, ar aghaidh go hAdár, agus chas as sin go Carcá;
4 ghabh ar aghaidh thar Azmón, tháinig amach ag sileán na hÉigipte, agus shroich ceann cúrsa ag an bhfarraige. Sin é a bheidh agaibh mar theorainn theas.
5 Lastoir Muir an tSalainn an teorainn go béal na Iordáine.
6 Ghabh an teorainn seo suas go Béit Hoglá, chuaigh ar aghaidh lastuaidh de Bhéit Arabá, agus shroich Lia Bhohan mac Reúbaen.
7 Chuaigh an teorainn suas go Deibír ó Ghleann Ácór agus ó thuaidh i dtreo an fháinne cloch os comhair Bhealach Adumaím atá ar an taobh theas den ghleann; ghabh an teorainn ar aghaidh go huiscí Éan Seimis, agus stad ag Éan Rogael.
8 Ansin ghabh an teorainn Gleann Bhein Hiniom suas ag teacht aneas ar shlios an Iabúsaigh (.i. Iarúsailéim); chuaigh an teorainn suas go mullach an tsléibhe a threasnaíonn Gleann Hiniom, laistiar, ag imeall thuaidh Ghleann Rafáím.